MemeGorgon
“Níl ann ach spraoi gan díobháil, ha, ha!”
Bainisteoir | |
Gairm | Ionramhálaí Méimeanna IS |
Speisialtacht | Ag úsáid meimeanna agus greann chun dul i gcion ar dhaoine |
Paisean rúnda | Scannáin uafáis |
Monarcha | |
Ainm na monarchan | An Cibear-dhaingean |
Príomhchuspóir na monarchan | Cruthaigh méimeanna |
An leibhéal ag a n-osclaíonn an mhonarcha | Leibhéal 13 |
Inis dúinn faoi do phost
“Dála an scéil, ar chuala tú an ceann faoin gcrogall a stop tacsaí? Ha, ha, is scéilín den scoth é, i ndáiríre! Tá na milliúin de na scéalta iontacha seo agam, an dtuigeann tú. Tá roinnt rudaí dáiríre le rá agam, ach cuirim i láthair = mar scéalta grinn iad, agus leath an ama ní thuigeann daoine fiú cad atá á rá agam, ha, ha!
Pictiúir, scéalta grinn, greann – ó, tá neart acu sin agam. Agus ansin téann daoine timpeall á roinnt, ha, ha, á scaipeadh i gcéin is i gcóngar. “Níl ann ach beagán spraoi,” a deir siad. Uaireanta níl ann ach spraoi neamhdhíobhálach, ach níos minice ná a mhalairt, ha, ha, bíonn sáiteán beag ann, dírithe ar áit éigin.
Ach fad is a cheapann daoine go bhfuil an greann neamhdhíobhálach, bhuel, leanfaidh mo chuid scéalta grinn ag scaipeadh gan stró! Ha, ha!”