Fear an Phoist
“An t-uafás ríomhphoist chuig an t-uafás daoine.”
Bainisteoir | |
Gairm | Speisialtóir Turscair |
Speisialtacht | Seolaim ríomhphoist chun daoine a bhrú isteach chun rudaí gan tairbhe a dhéanamh nó rud éigin a dhéanann dochar dóibh |
Paisean rúnda | Peannaireacht Shíneach |
Monarcha | |
Ainm na monarchan | Ionad Turscair |
Príomhchuspóir na monarchan | Turscar á scaipeadh |
An leibhéal ag a n-osclaíonn an mhonarcha | Leibhéal 2 |
Minion na monarchan | |
Ainm | Minion Turscair |
Tréith speisialta | Tá eolas aige ar gach seoladh ar domhan |
Inis dúinn faoi do phost
“Cuirim ríomhphoist chuig daoine. Déanta na fírinne, is cuma liom fiú cad atá iontu, mar ní ábhar imní dom é i ndáiríre. Faighim airgead chun an teachtaireacht a scaipeadh chomh forleathan agus is féidir. Is cluiche uimhreacha é seo: dá mhéad daoine a fhaigheann an teachtaireacht, is ea is mó daoine a chuirtear dallamullóg orthu. Is é mo jab ná na seoltaí ríomhphoist a bhailiú agus na ríomhphoist a chur tríd na scagairí turscair. Ina dhiaidh sin, níl le déanamh agam ach a chur ar an duine rud éigin amaideach a dhéanamh. Éilíonn an post seo scil teicneolaíochta agus an cumas dul i gcion ar dhaoine. Tá an dá cheann agam.
Is tráth iontach é nuair a thagann an ríomhphost ceart os comhair an duine ceart ag an am ceart. Bíonn an t-ádh liom ansin. Ach tá sé éasca. Bíonn an oiread sin daoine i gcónaí ag fanacht le pacáiste nó bíonn a gcuid néalstórála ar fad úsáidte acu.
Ach má tá rud amháin a bhfuil an ghrain agam air is scagairí turscair é. Tá siad thar a bheith maith chun mo chuid ríomhphost a stopadh. Ach is é an rud is mó a chuireann as dom ná nuair a stopann duine chun smaoineamh tar éis dó an líne ábhair a léamh. Dá bhfaighinn mo rogha, ní cheapfadh duine ar bith faoi dhó, ní bheadh orthu ach cliceáil leo.”