DDoS Daisy
“Nuair nach n-oibríonn aon rud, bíonn gach rud foirfe.”
Bainisteoir | |
Gairm | Bacaire líonra |
Speisialtacht | Bac a chur ar sheirbhísí ar líne agus láithreáin ghréasáin |
Paisean rúnda | Idé-eolaíocht a dhéanfaidh airgead |
Monarcha | |
Ainm na monarchan | Bacaire Tráchta |
Príomhchuspóir na monarchan | Bac a chur ar thrácht idirlín |
An leibhéal ag a n-osclaíonn an mhonarcha | Leibhéal 6 |
Minion na monarchan | |
Ainm | DDoS Minion |
Tréith speisialta | Oibríonn faoi choim mar phluiméir |
Inis dúinn faoi do phost
“Is é plódú tráchta an éacht is mó atá ag an gcine daonna. Bonneagar daor, ach gluaiseacht neamhéifeachtach gan ach cúpla duine i ngach feithicil, iad go léir faoi dheifir. Ní bhogann aon rud. Is rud éigin chomh hálainn, chomh suaimhneach í socracht na gníomhaíochta stoptha.
Is féidir plódú tráchta a chruthú freisin i dtrácht líonra. Le róbatlíonta fochonraitheoirí, plúchaim freastalaithe le hiarratais go dtí go reonn siad. Tá rud thar a bheith sásúil faoi ionsaí a sheoladh agus féachaint mar a theipeann ar sheirbhís i ndiaidh seirbhíse.
Is é an míbhuntáiste a bhaineann leis ná nach gcuireann sé as do dhaoine i gceart a thuilleadh nuair a bhíonn na seirbhísí a bhfuil siad ag iarraidh rochtain a fháil orthu ag cliseadh. Rud eile a chuireann isteach orm is ea nuashonruithe uathoibríocha ar ghléasanna – mura mbainfeadh daoine dóibh d’éireodh le mo chuid róbatlíonta.”