Ar mhaith eispéireas níos fearr fós?

Bas Mór

“Is liomsa gach rud atá uaim.”

Bainisteoir
GairmBas
SpeisialtachtCapo di tutti capi na cibearchoireachta
Paisean rúndaNollaig
Monarcha
Ainm na monarchanNíl monarcha aige. Is leis an chathair.

Inis dúinn faoi do phost

“Na laethanta seo, tá sé chomh deacair sin cúntóirí maithe a aimsiú. Uaireanta is féadann iad siúd atá agamsa a bheith leisciúil agus míchúramach. Ach ar an dea-uair dóibhsan, agus domsa, tá neart daoine amuigh ansin atá níos leisciúla agus níos míchúramaí fós. Sin an fáth go n-éiríonn le mo chuid pleananna go minic.

Bím go síoraí ag ríomh, ag déanamh anailíse, agus déanaim iarracht nua gan stad gan staonadh. Níl sé éasca fanacht ag barr cluiche na cibearchoireachta. Caithfidh tú deiseanna nua a thapú i gcónaí agus tú ag brath ar na seanchleasanna sin chun daoine a mhealladh. Ní féidir a bheith réchúiseach, agus caithfidh tú leanúint ar aghaidh i gcónaí ag baint triail as. Ní stopann m’fhoireann riamh, bíonn siad i gcónaí ag faire amach don chéad deis eile.

Is é an dóchas is mó atá agam ná go leanann daoine orthu ag gníomhú gan an iomarca smaoinimh. Agus is ionadh go minic, sin go díreach a dhéanann siad.”